IT/097

AR MITHROCAIREACH AR AN OMAIGH; EIGNIU AR AN ANAM

Ar Mithrocaireach ar an Omaigh; eigniu ar an anam
TUARASCAIL
Pol O Muiri

CUARBHOTHAR A THUG mise, mo cheilc mna agus mo mhac thart ar an Omaigh, De Sathairn, La Fh6ile Muire san Fhomhar. Ag pilleadh 6 Thir Chonaill a bhi muid, thug cuairt ar chairde i nDoire agus lean den bhothar 6 dheas chun na hOmai.
Cupla bomaite i ndiaidh a tri a d'fhag muid an baile inar ndiaidh. Niorbh fhada gur shonraigh muid otharcharr ag tarraingt aniar an bealach agus a aghaidh ar an bhaile. "Taisme bothair," a duirt muid as beal a cheile. Tamall gairid ina dhiaidh sin a shonraigh muid an dara hotharcharr. "Drochthaisme," a shil muid.
Nuair a bhain muid an teach amach, bhi teachtaircacht onar gcara i nDoire, i ag iarraidh labhairt linn go prainneach. Faoiseamh a bhi uirthi nuair a chuala si go raibh muid i gceart. "Cad chuige nach mbeadh?" a d'fhiafraigh me. As sin a thainig an chead sceala faoin bhuamail. Bhi an t-adh linn. Mioneachtra, i bhfianaise an air, a bhi ann gur ealaigh muid.
Bhi an t-adh linn ar bhealtai eile. Ta conai ar dheirfuir mo mhna, a beirt paiste agus a ceile fir ar an Omaigh. Thainig siad siar go Tir Chonaill oiche Aoine le haire a thabhairt don leanbh s'againne agus oiche amuigh a bhronnadh orainn. Ach go be sin bheadh siad i lar an bhaile ag siopadoireacht.
Chonaic mo neacht (ata deich mbliana d'aois) pictiuiri an air ar an teilifis i dTir Chonaill. "An bhfuil mo chairde marbh?" a d'fhiafraigh si. Bhi a haigne eignithe ag an fhoreigean. Bhi dochas ann sa Tuaisceart i ndiaidh gur siniodh Comhaontii Aoine an Cheasta go mb'fheidir go dtiocfadh an ghluin seo slan - idir chorp agus intinn - ar uafais agus ar chuimhni creimneacha den sort seo.
Is doiligh an t-ar a laimhseail. Sileann na mothuchain asat: geit imnioch ar dtus go raibh buama eile ann; dochas mireasunta go mb'fheidir nach mbeadh taismigh ann; tuigse ghruama go raibh agus moran eile le teacht; eanglach san intinn sa deireadh faoi bhnudiulacht na hocaide.
Ta se feicthe go minic againn roimhe seo. lompraionn go leor daoine cneacha colainne; beidh tuilleadh acu sin i ndiaidh an bhuama seo. Iompraionn muid uilig cuimhni creimneacha faoi ionsaithe barbartha eile a r:nneadh le 30 bliain anuas.
Ni feidir leis na cneacha colainne agus anama sin cneasu gan faoiseamh on fhoreigean. Ta an faoiseamh sin tuillte ag gach duine sa Tuaisceart. Is e ar gceart e.
Beidh le feiceail cad e an tionchar a bheidh ag an ar seo ar chursai polaitiochta. Deanaimis cinnte de nach mbaintear mi-lisaid as na mairbh. Ba dhaoine iad. Na lig do dhuine ar bith iad a earcu ar son a chuis polaitiochta fein.

Further Information

Publisher: THE IRISH TIMES

Ref: IT/097

Published Date: 19-Aug-98

Related Images

It097ph01